Fuinneamh inbhuanaithe
Is inbhuanaithe é fuinneamh má shásaíonn sé riachtanais an lae inniu, gan géilleadh i dtaca le riachtanais an todhchaí.[1][2] Déantar chur síos ar fhuinneamh inbhuanaithe le trácht ar a thionchar ar an timpeallacht, ar an ngeilleagar agus ar an sochaí, mar shampla astaíochtaí gás ceaptha teasa, truailliú aeir, tearcrochtain fuinnimh agus dramhaíl nimhiúil. Déanann foinsí fuinneamh in-athnuaite amhail is gaoth, hidri, grian agus geoiteirmeach dochar ar an timpeallacht ach de ghnáth níos lú ná breoslaí iontaise.
| Samplaí d'fhuinneamh inbhuanaithe: grianchumhacht le teirmeastóráil salann leáite sa Spáinn; cumhacht ghaoithe san Afraic Theas; iompar poiblí leictrithe i Singapore; agus cócaireacht ghlan san Aetóip. | |
Sciar den mhargadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sciar den mhargadh le 15% ag cumhacht ghaoithe agus gréine sa bhliain 2025,[3] agus tá costais i gcónaí ag laghdú. Ach cuireann breoslaí iontaise c. 60% den chumhacht dhomhanda ar fáil[3] agus tá an córas fuinnimh freagracht as tuairim is trí cheathrú d'astaíochtaí dhomhanda.[4]
Athrú aeráide
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dar leis an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (PIRAA) by ghá 2.5% den Olltáirgeacht intíre (OTI) domhanda a infheistiú chun teorann 1.5 °C a chur ar théamh domhanda go dtí an bhliain 2035.[5] Is féidir le rialtais taighde a mhaoiniú agus infreastruchtúr a thógáil le haghaidh teicneolaíochtaí cumhachta glaine, agus a soláthar a chur chun cinn le beartais amhail is as praghsáil carbóin, caighdeáin phunainne in-athnuaite, agus deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontas breosla iontaise. Tá buntáistí ag rochtain ar leictreachas glan ó thaobh na aeráide, sláinte daonna, slándáil fuinnimh agus geilleagar de.
Faoi réir an {{h|Comhaontú Aeráide Pháras]], moltar conairí chun athrú aeráide a mhaolú agus teorainn 2°C a chur ar théamh domhanda. Beidh gá mar sin giniúint chumhachta a aistriú ó thaobh stórála dáilte agus ídithe, ag baint leas as foinsí inbhuanuithe.
In-athnuaite athraitheach agus neamh-inathnuaite
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is athraitheach é aschur cumhachta de ghnáth (go háirithe ón ngréin agus ón ngaoth). Is gá mar sin an mogalra leictreach a fhorbairt chun fuinneamh a stóráil. De réir an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, ámh, chun astaíochtaí glan-nialais a bhaint amach roimh 2050, braithfidh tuairim is 35% den laghdú ar theicneolaíochtaí atá fós á fhorbairt as an mbliain 2023.
Níltear ar aon tuairim ar inbhuanuaithe iad acmhainní neamh-inathnuaite. Mar shampla, maidir le , ní cúis truailliú aeir nó carbóin é cumhacht núicléach, ach tá míbhuntáistí ag baint leis amhail ina n-áirítear dramhaíl núicléach agus baoil idir iomadú núicléach agus timpistí. Tá buntáistí ann san aistriú ó ghual go gás nádúrtha but may lead to a delay in switching to more sustainable options. Is féidir gabháil agus stóráil carbóin a chur i ngníomh ach, is daor é mar theicneolaíocht agus is annamh a dhéantar é.
Tíortha i mbéal forbartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá tuairim is 790 milliún duine i dTíortha i mbéal forbartha nach bhfuil teacht acu ar leictreachas, agus 2.6 billiún ag braith ar breoslaí truaillithe amhail is adhmad agus gualach le haghaidh cócaireachta.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Kutscher, C.F. (2019). "Principles of Sustainable Energy Systems". CRC Press.
- ↑ "A systematic bibliometric review of clean energy transition: Implications for low-carbon development" (2021). PLOS One 16 (12). doi:. PMID 34860855. Bibcode: 2021PLoSO..1661091Z.
- 1 2 "The Truth About Renewable Energy: 2) How much electricity comes from renewables vs. fossil fuels?". World Resources Institute. Dáta rochtana: 2026-09-17.
- ↑ "Where Do Emissions Come From?". World Resources Institute. Dáta rochtana: 2026-09-18.
- ↑ "Only 12 years left to readjust for the 1.5-degree climate change option". PubMed Central. Dáta rochtana: 2026-09-18.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |



