Jump to content

Cogadh Saoirse Mheiriceá

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá
Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá
Dáta: 19 Aibreán, 1775 – 3 Meán Fómhair, 1783
Toradh: Conradh Versailles (1783)
Céilí comhraic
Stáit Aontaithe
An Fhrainc
An Spáinn
Poblacht na hOllainne
... srl
Ríocht na Breataine Móire
Iroquois
Cherokee
... srl
Ceannasaithe
George Washington
Nathanael Greene
Horatio Gates
Benedict Arnold
Friedrich Wilhelm von Steuben
Marquis de La Fayette
Comte de Rochambeau
Comte de Grasse
Bailli de Suffren
Bernardo de Gálvez
Luis de Córdova
...srl
Frederick North
William Howe
Thomas Gage
Henry Clinton
Lord Cornwallis
Guy Carleton
John Burgoyne
George Rodney
Richard Howe
Wilhelm von Knyphausen
Joseph Brant
...srl
Slua
~140,000 ~300,000
Taismigh
~50,000* ~47,000*
* Básanna & gortaithe

Cogadh réabhlóideach (1775 - 1783) i Meiriceá Thuaidh idir Ríocht na Breataine Móire agus trí choilíneacht déag Bhriotanacha ba ea Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá, nó Cogadh Saoirse Mheiriceá, mar a thugtar air freisin.

Thosaigh an cogadh mar chonspóid faoi chearta na gcoilíneach mar Shasanaigh, conspóid a bhain le cúrsaí tráchtála agus riaracháin. Is gearr gur tháinig tuiscint nua ag na coilínigh orthu féin mar Mheiriceánaigh, agus as sin amach bhí siad ag iarraidh deireadh a chur le riail na Breataine.

Greanadóireacht le Paul Revere - an Sléacht i mBostún.
27 Lúnasa 1776, troideadh Cath an Oileáin Fhada, le Alonzo Chappel, 1858
Meitheamh 1775, troideadh Cath Machias - Scúnar timpeall an ama seo[1]

Thosaigh an cogadh sa bhliain 1775 nuair a chuaigh na réabhlóidithe faoi réim sna coilíneachtaí uile agus gur chuir siad an Dara Chomhdháil Ilchríochach agus an tArm Ilchríochach nua ar bun. An bhliain dár gcionn fógraíodh neamhspleáchas Stáit Aontaithe Mheiriceá, náisiún nua.

  • Ar an 27 Lúnasa 1776, troideadh Cath an Oileáin Fhada (nó Cath Bhrooklyn uaireanta)
  • Ar 11-12 Meitheamh 1775, troideadh Cath Machias, an chéad chath ar muir i gcogadh na saoirse.[1]
  • Feachtas Philadelphia. Ba thréimhse cinniúnach é an tréimhse sa bhua a bhain na Meiriceánaigh amach i gcoinne na mBriotanach.[2] I mí Mheán Fómhair 1778, rinne Howe ionsaí ar Philadelphia. Buaileadh na Briotanaigh go dona i gCathanna Saratoga (19 M.F. 1777 agus 7 D.F.1777), uair chinniúnach i stair na Stát Aontaithe. Tharraing sé sin an Fhrainc isteach sa chogadh.
Géilleadh Cornwallis ag Yorktown,, le John Trumbull, 1820

Géilleadh Cornwallis ag Yorktown, 1781

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Arm na Breataine, faoi cheannas an Ghinearáil Cornwallis, léigear i Yorktown, Virginia, ó dheireadh mhí Mheán Fómhair 1781, agus é timpeallaithe ag an Arm Ilchríochach faoi Washington agus ag fórsaí na Fraince faoi Rochambeau, chomh maith le cabhlach na Fraince faoi de Grasse.

Ar an 19 Deireadh Fómhair 1781, ghéill Cornwallis ar deireadh, agus síníodh na hAirteagail an lá céanna. Sheol Cornwallis féin an Briogáidire Ginearál Charles O'Hara[3] chun géilleadh thar a cheann, ó nár mhian leis féin freastal ar an searmanas.

Cuntas finné súl

Seo a leanas cuntas ar an ngéilleadh a rinne Arm na Breataine, faoi cheannas Cornwallis, don Arm Ilchríoch faoi cheannas George Washington.

"Timpeall a dó dhéag a chlog sheas An tArm Ilcríochach i líne ag taobh amháin den mbóthar agus sheas Arm na Fraince ag an taobh eile. Ag ceann an tslua bhí an ceannaire iontach, George Washington, ina shuí go bródúil in airde ar a chapall láidir. I gceannas ar na Francaigh bhí Count Rochambeau agus cuma uasal air féin agus ar a arm. Cé nach raibh an éide cheart ag gach Meiriceánach ba chuma mar bhí láidreacht agus sonas le feiceáil go soiléir. Thit ciúnas ar an áit. Mháirseáil na trúpaí ríoga aníos chugainn agus bhí cuma néata go leor orthu. Nuair a tháinig siad níos gaire áfach ba léir nach raibh siad chomh sciliúil sin. Bhí an-chuid acu an briseadh líne agus ag titim siar. Bhí sé soiléir go raibh drochthraenáil déanta orthu. Nuair a thosaigh siad ag cur a gcuid gunnaí uathu rinne siad é i slí drochbhéasach. Ní raibh an teideal “saighdiúir” nó “oifigeach” tuillte acu dar linn."[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 Barra Ó Donnabháin (2011-02-16). "Irish Column: HMS Margaretta agus na Brianaigh.". Irish Echo. Dáta rochtana: 2021-06-06.
  2. ↑ Kerron Ó Luain (2025-12-19). "Téann Arm Ilchríche George Washington go Valley Forge, an 19 Nollaig 1777" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-12-25.
  3. ↑ Ba é mac neamhdhlisteanach James O'Hara, an 2ú Barún Tyrawley, é, agus a leannán Portaingéalach. Sonra spéisiúil: bhí bunús Éireannach ag muintir Tyrawley féin — ba as Éirinn (nasc le Contae Shligigh, de réir Foclóir Beathaisnéise Náisiúnta) do sheanathair Charles, an chéad Bharún Tyrawley — ach rugadh Charles féin i Liospóin, ní in Éirinn ná i Sasana. Chuaigh sé ar scoil i Westminster, Sasana, agus thosaigh sé a shlí bheatha mhíleata ag aois a dó dhéag, i 1752.
  4. ↑ tairseachcogg.ie. "18-20 Réabhlóid Mheiriceá, na Fraince agus Éirí Amach 1798". Dáta rochtana: 2026.