Córas aghaidh-aitheanta
D’fhéadfadh teicneolaíochtaí aghaidh-aitheanta nó córas aghaidh-aitheanta[1] a úsáid chun faireachán nó anailís a dhéanamh ar fhís-íomhánna stóráilte. Tá úsáidí iomadúla seachas cibearfhaireachas ag teicneolaíochtaí aghaidh-aitheanta agus aitheanta mothúcháin – mar shampla, le haghaidh aitheantais nó fíordheimhnithe.

Conspóidí
cuir in eagarCuireann an teicneolaíocht aghaidh-aitheanta isteach chomh mór ar dhaoine go minic. Tháinig méadú radacach ar chumhachtaí póilíneachta sna 2020idí nuair a cuireadh i bhfeidhm úsáid sainaitheanta bithmhéadraí agus teicneolaíochtaí aghaidh-aitheanta. Mar sin teastaíonn rialacha agus údair láidre lena haghaidh, chomh maith le cosaint mhéadaithe sa dlí, agus coimircí fónta chun na cearta bunúsacha a chosaint.[2]
Tá cáineadh déanta ar chórais aghaidh-aitheanta i mbunachar sonraí na bpóilíní. Tá eagla ann go mbeadh córas aghaidh-aitheanta claonta in aghaidh ban, daoine óga, agus baill de ghrúpaí mionlach eitneach.[3] De réir athbhreithniú a rinne an tSaotharlann Náisiúnta Fhisiciúil aithníonn na bogearraí daoine dubha, daoine Áiseacha agus mná go mícheart ar ráta níos mó ná fir gheala.[4]
In Éirinn
cuir in eagarSeoladh córas aghaidh-aitheanta sa tseirbhís pasanna in Éirinn in 2016.[5]
In 2024, d'áitigh an Comhairle Um Chearta an Duine agus Cearta Digiteacha Éireann ar an rialtas machnamh a dhéanamh arís faoina rún teicneolaíocht aghaidh aitheanta a chur ar fáil do na Gardaí.[6]
De réir figiúirí a tháinig chun solais sa bhliain 2026, bhain Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) úsáid as bogearraí aghaidh-aitheanta conspóideacha níos mó ná 2,000 uair ó mhí na Samhna 2021 go dtí 2025. I mí Iúil 2023 tugadh rabhadh in athbhreithniú ar chearta daonna maidir le póilíneacht sna sé chontae a rinne an Bord Póilíneachta go raibh easnamh daonlathais ann maidir leis an dóigh ar tháinig teicneolaíocht faireachais go dtí na sé chontae.[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ i mBéarla, facial recognition system
- ↑ "Éilíonn an Coimisiún coimircí níos láidre i reachtaíocht nua…" (ga). IHREC - Irish (2024-05-13). Dáta rochtana: 2026-03-07.
- 1 2 Jack Mac Íomhair / anpáipéar.ie. "Tháinig na sonraí chun solais i bhfreagra ar cheist ón Chomhalta den Tionól Reachtach Gerry Carroll". Dáta rochtana: 7 Márta 2026.
- ↑ "Facial recognition technology tests: National Physical Laboratory" (en). GOV.UK. Dáta rochtana: 2026-03-07.
- ↑ audit.gov.ie. "An tseirbhís pasanna a athrú ó bhonn". Dáta rochtana: 7 Márta 2026.
- ↑ RnaG (2024-02-13). "Tús Áite: Teicneolaíocht Aghaidh Aithinte" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2026-03-07.